Stair na Scoile

Is ag cruinniú de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann i 1993 a tháinig moladh chun Gaelscoile a bhúnadh sa Tulach Mhór. Go gairid ina dhiaidh sin bhailigh comhchoiste ainmneacha tuismitheóirí go raibh suim acu a bpáisti a chur chuig Gaelscoil ag cruinniú poiblí. Thug an Roinn Oideachas aitheantas sealadach chun scoile a bhúnadh i Samhradh 1993. D'oibrigh an Bord Bainistíochta sealadach go dian chun foirgnimh a fháil, ainm a shocradh don scoil, príomhoide a ainmniú agus daltaí a fháil don scoil nua-bhunaithe. Ba thuismitheóirí uileog a bhí ar an mbord seo. Déanadh socraithe freisin chun Naíonra a bhúnadh mar chuidiú chun oideachas tré Ghaeilge a chur ar fáil. Bhí tacaíocht tugtha don bhord ag grúpa dárbh ainm "Cairde Ghaelscoil an Eiscir Riada" a rinne fiundriú ar son na scoile nua.

D'oscail an scoil I 5 Sráid Cormaic, ar an 1ú lá de Mhéan Fómhar 1993 le fiche dalta idir rang na Naíonáin Bheaga agus Mhóra agus bhí múinteoir amháin a bhí ina príomhoide, Donna Ní Mháirtín. I mí Márta 1995 thug an Roinn Oideachas aitheantas buan don scoil. D'fhan an scoil I Sráid Chormaic ar feadh dhá bhliain. Bhog sí go 13 Sráid na hEaglaise I Meán Fómhar 1995, de cheal spása. Bhí trí rang iomlána sa scoil ag an tráth seo agus beirt mhúinteóirí breise. I 1997, thóg an Bhord Bainistíochta 14 Sráid na hEaglaise ar chíos chun seomraí ranga a chur ar fáil do na daltaí agus na muinteóirí breise a bhí sa scoil ag an am sin. Thar na blianta cuireadh le suíomh na scoile le seomraí réamhdhéanta agus tré ghairdiní breise ar chúl na scoile a thógáil ar chíos. Búnaíodh an chéad cumann do thuismitheóirí ar an 21ú lá de mhí Márta 1996.

Ar an 29ú lá de mhí Aibreáin 2003, tháinig na daltaí agus múinteóirí ar scoil don chéad uair i bhfoirgneamh scoile nua-thógtha ag an Roinn Oideachas agus Eolaíochta do Ghaelscoil an Eiscir Riada I gCluain Calga. Bhí sceitimíní ar ghach éinne. Bhí scoil álainn, gheal, mhór againn ar deireadh tar éis deich mbliana ag obair go dian, ag fanacht, ag súil agus ag troid. Táimid bródúil agus tá moladh agus buíochas tuillte ag gach éinne a d'oibrigh go crua ar son na scoile thar na blianta.

D'oscail Brian Ó Comhdhain T.D. an scoil go hoifigiúil ar an 23ú lá de Mheitheamh 2003, agus bheannaigh an Dr. Michéal Mac Gabhann, Oirmhuinneach, í. Bhí lá iontach ag gach éinne.


Is i gCluain Calga atá an scoil lonnaithe ó shin agus tá sí fós ag fás agus ag neartú cé nach mbeidh mórán fáis ar líon na ndaltaí sa scoil as seo amach.